Joan Clancy Art Gallery
   Mweelahorna, Ring, Dungarvan, Co. Waterford, Ireland. Tel : (058) 46205   Mobile : (086) 813 4597  
Home
Current Exhibition
More Art For Sale
Contact Us
About Us
Artists
Media Coverage
News
Clancy Brothers
Links
Ceiliúradh na Cásca - Four for Four

Nuacht 27 Márta 2007

Sé Four for Four- Ceiliúradh na Cásca, an seó Cásca a bheidh i Joan Clancy Gallery i nGaeltacht na Rinne i gcontae Phort Láirge a thaispeánfaidh pictiúir úra ó na healaíontóirí áitiúla Rayleen Clancy, Blawnin Clancy, Leah Murphy agus Eileen Healy.

Ealaíontóir fíorach go mór mhór í Eileen Healy a bhaineann úsáid as ola agus pastal ina cuid oibre. Cruthaíonn sí pictiúr díreacha ionraice agus láidir de dhaoine a shuíonn ina stiúideo. Tá Eileen tar éis a cuid pictiúr a thaispeáint ar fud na héireann agus thar lear i dtaispeántais aonair agus i seónna móra le rá. Is teagascóir páirt aimseartha í sa Crawford College of Art & Design i gCorcaigh.

Cuireann Rayleen Clancy oibreacha nua inár láthair i Four for Four. Tá tírdhreach oscailte agus spéir mhór ina híomhánna. Tá cruth beo ar oibreacha dea-chumtha Rayleen Clancy le rian neamhurchóideach an pháiste, a chruthaíonn diceatóime láidir. Tarraingíonn sí íomhánna bríomhara agus tríd an tslí a úsáidtear dathanna samhlaíonn an gnách, neamh-ghnáth. Tá cáilíochtaí Wyeth le feiscint ‘sna híomhánna le croíthailte móra leathana agus spéir mhór sa chúlra. Feidhmíonn an srian a choimeádtar ar úsáid an tsolais go éifeachtach.

Is foinse inspioráide cósta Ghaeltacht Chontae Phort Láirge do fhormhór obair Blawnin Clancy. Aimsíonn sí an bun-chalmacht agus spreagann sí nádúr na talún neamh-truaillithe agus cruth na mara, cumtha go maith agus baintear ard úsáid as solas lag agus geal.

Tá Cuma fíor álainn agus muiníneach ar phictiúir Leah Murphy a deineadh ar chanbhás. Téann na pictiúir, atá sáithe le dathanna saibhre, i bhfeidhm go mór ar an mbreathnóir. Déantar iniúchadh ar tírdhreacha teibí agus fíoracha cumasacha.

Bhí Rayleen Clancy ag staidéar i NCAD agus sa San Francisco Art Institute agus bhain sí céim amach i Staidéar Scannán sa Dún Laoghaire Institute of Art, Design agus Technology. Imeasc na taispeántas aonaracha tá an Dyehouse Port Láirge agus STAC; léiríodh a pictiúir i dtaispeántas RHA agus i Waterford Healing Arts Trust. Bhí a oibreacha i nDánlann Oisín Baile átha Cliath, Ionad Ealaíona Mhuileann Gearr, Ionad Ealaíona Dhún Garbhán agus Ionad Ealaíona Loch Gorman. Le déanaí bhí comh-thaispeántas mór le rá aici lena deirfiúr Blawnin sa Greyfriars Municipal Gallery, Port Láirge agus bhí sé le feiscint i nDánlann Joan Clancy ar an gclár Nationwide ar RTé1 ar dhá uair faoi leith.

Bhí Blawnin Clancy ag staidéar sa Crawford College of Art and Design agus bhain sí céim amach i NCAD. Fuair a taispeántas aonar Drifter ag an STAC clú agus cáil. Bhí a hobair le feiscint ar Nationwide ar RTé1 agus sa Waterford Healing Art Trust. Chonacthas an pictiúr An Snámhaí ar fhéilire 2005 Daler-Rowney. Tá sí tar éis a pictiúir a léiriú i Green Acres Loch Gorman, Dánlann An Form Corcaigh, Garter Lane Port Láirge, Ionad Ealaíona an Leasa Móir, Ionad Ealaíona an Mhuilinn Gearr, Ionad Ealaíona Dhún Garbhán, Ionad Ealaíona Loch Gorman. Tá a cuid pictiúr le feiscint i mbailiúcháin phoiblí, chorparáideacha agus phríobháideacha.

Bhain Leah Murphy céim onóra amach i Crawford i 1997 agus ó shin i leith tá clú proifisiúnta bainte amach aici. Is mór léi oibreacha Picasso Basquait, Susan Rothenberg, Robert Rauschenberg agus ealaíontóirí Meiriceánacha na seascaidí agus seachtóidí, agus díríonn a hobair ar an tírdhreach. ‘Sé an ealaíontóir cáiliúil Pat Murphy a hathair. (www.joanclancygallery.com)

Fuair Joan Clancy Gallery árd-mholadh san Irish Times (Luan Lúnasa 21, 2006) mar cheann de bhuaic phointí chathair agus chontae Phort Láirge a bhfaighfí taitneamh a bhaint as saor in aisce. Dánlann uathúil Phort Láirge atá ann. Molann iriseoir an Times Catherine Foley cuairt a thabhairt ar an Dánlann beag bríomhar seo atá suite i nGaeltacht na Rinne, a fhéachann amach ar an Comaraigh agus cósta álainn Phort Láirge.

Tá fíor bhród ar Joan Clancy agus a hiníonacha gur eisigh An Post Stampa le déanaí, ag comóradh The Clancy Brothers & Tommy Makem. Bhí Tom Clancy (nach maireann) aisteoir, fear chéile Joan agus athair Blawnin agus Rayleen, mar ceann de na daoine a bhunaigh an grúpa ceoil a bhain clú agus cáil amach ar fud an domhain sna seascaidí.

Four for Four – Céilliúradh na Cásca i Joan Clancy Gallery, Maoil a' Chóirne, An Rinn, Co Phort Láirge Aibreán 4ú - 9th. Ar oscailt 11am – 5pm, mó tri am a chur san áireamh. éolas: (058) 46205; (086) 813 4597. info@joanclancygallery.com

   Contemporary Irish Art Gallery Near Dungarvan - Young, Emerging & Established Artists Website By : Déise Design